Scoil: Áth na gCoire
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán P. Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áth na gCoire
- XML Leathanach 262
- XML “Seanscéal”
- XML “Rann Beag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an lá seo bhí a máthair ag fanacht leithe mar an gceud na agus isteach léithe agus leig an builbhín ar an tabla.
Cá raibh tae ar bith san am acht bhí braon bainne réidh ag an máthair nuair a tháinig an cailín agus seo an mhátair ag gearradh an builbhín le na lámha. Rinne sí dhá leath de ar tús agus caidé a thuit amac as acht coróin geal bán. Crom an cailín, thog é agus dubhairt “Airgead a mháthair” “Airgead go díreach a inghean” arsa an máthair “acht ní linne é agus caitfidh muid é a thabhairt arais arís do’n te ar leis é”.
Imthigh leat anois nuair a bhéas sin itte agat agus innis do’n fear uasal caidé a tharla.
Dimthigh an cailín, dinnis do acht chuaidh se ag gáiridhe agus dubhairt gur chuir se an coróin san builbhín is lugha agus diarr uirthi é a cóingbheáil.
Bíonn meas ar an duine dheág bheasach i gcomhnuidhe - Rann Beag
Is truagh liom an sgeal atá imbeal gach aoinne san áit
Gurab annsa an ghuarna dubh gruamdha gan cumha gan bláth
No an cailín caoin stumach, subhailceach agus’s aigeantha ta
‘S mur gheall ar na buaibh sí an ghuarna a bhíos acaorláimh- Bailitheoir
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)