Scoil: Áth na gCoire
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán P. Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áth na gCoire
- XML Leathanach 348
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Sgeal eile
Bhí sin ann agus ni fada ó bhí bhí beirt fear ann agus bhí siad iongantach mór le na cheile. Áit ar bith a rachadh fear amháin bhí an fear eile ag siubhal cos ar chois leis. Bhí siad óg agus amaideach am amháin agus ní rabh aon rud ag cuir buaidhreadh ortha. Gach rafla spoirt agus greann a bhí ar siubhal bhí siad annsin agus chá dtiocfadh iad a sgáradh
Bhí an póitin ag gol san am agus se an deireadh a bhí ar gur thoisig siad ag ól agus o’n lá seo cuaidh siad le draibhleas. Is iomdha rud (a rud) a thrácht siad air anois agus arís agus oidhche amháin agus iad ag teacht abhaile thoisig siad ag cainnt ar an t-saoghal eile. Rinne siad socrughadh an oidhche sin agus se é. An chead fear aca a gheobhadh bas bhí sé le theacht arís agus a innsint do’n duine eile cá rabh se agus caidé’n sort saoghal a bhí aige. Bhí go maith agus cha rabh go h-olc go dtí oidhche amháin a bhí siad ag teacht abhaile agus an bheirt acha ólta go maith.
Sgár siad ó na chéile agus ar maidín fuaradh fear aca in a luighe marbh.
Tugadh in a bhaile é, cuireadh é agus indiaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)