Scoil: Áth na gCoire
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán P. Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áth na gCoire
- XML Leathanach 257
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal.
Bhí sgaifte de phoitirí i dtig leanna aon oidhche amháin iad ag ól agus gabhail cheoil agus ag iomardas le cheile ce aca an fear ba dhána agus ba mheisneamhla. Bhí acan fhear aca ag rad gurbh é fein an fear ba mhó meisneach.
Bhí fear áirighthe ann, agus bhí sé ag ársaighe na neithe iongantach a rinne sé is do dheánfadh sé. Cuir oganach a bhí ann geall leis nac rachad sé anonn ar an bhomaite go dtí sean roilig a bhí in aice leo agus cloigeann a thabhairt ar ais leis. Chuir seisean geall go rachadh agus dimthigh sé leis amac ar an doras. Oidhche an - dorcha a bhí ann agus bhí an t-sean-roilig cúpla páirc siar ó’n tigh leanna.
Chan túisge bhí an fear as a’ tigh ná dimthigh an t-oganach bealach eile, agus bhí sé san roilic níos luaithe ‘na an fear. Isteach leis i mbothán bheag i raibh a lán cloigeann, cnámh, is lurgan ann, agus luigh sé síos gan a oiread is a anál a tharraingt os árd. An chead bhomaite eile tháinig an fear isteach. Cuartuigh sé imeasg na gcnámh go bhfuair sé cloigeann.
Chualaidh sé glór lag - fad - dalach - ó íochtar an t-seomra ag rádh.
“Na bain leis sin: sin cloigeann mo áthar “Maise, bíodh sí agat arsa an fear. Ac mar ‘be spiorad na biotáilte a bhí ‘na cheann thuitfeadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)