Scoil: Áth na gCoire
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán P. Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Doiminic Ruadh na Glaisighe
Ar an ghlaisig seo thiar ta’n Fhial Fear Fuilteach tréan
De fhiar scoith na n-iarlaí bhí riamh i dTír Conaill na gCéim.
Dá mairfeadh na trean- fhir bheadh do sgeal sa ro-thaitneamhach ag Gaedhil
‘S nuair a théighmid fá’n tSliabh bhí Feile da sgabadh ar an t-saoghail
II
Nuair nach maireann de na h-uaislibh ar an taobh ó thuaidh seo de fiór sgoith na nGaedheal
Acht thú a Dhoiminic Ruadidh, gur go buan a bheas tú i dtreis’s i gCein
Tá’n Spáinneach ag gluaiseacht fá chuantaibh thart luinghis go léir
‘S ma thig oraim ruaigh ar chuairt ar an Ghlaisigh go mbeinn.
III
Is é Doiminic Ruadh thug buaidh as gach Ríogacht i gCéin
Le gear lannaibh cruaidhe ‘re bhuailfeas agus treasgarfadh céad
Mar ollann an chruachan fear luaimnighe bhí toighte ag an an fhéin
No mar Chúchulainn uasal niór luaidheadh leis buille gan chéim
IV
Is é Doiminic Ó Domhnaill an fial-dhuine sgapfadh an fíon
Bhearfadh congnamh i n-am dóláis do mhórán ‘s do bhochtaibh an tsaoghail
Crann díreach Críoch Fodhla badh choir bheith i dTeamhair na Ríogh
‘S go bhfuil báinrioghán na Gloire ‘ga threorughadh go Cathair na Naomh
V
I gCeart lár na Spáinne tá árd-chíos is treis ag an Fheinn
Crann díreach chineadh dalaigh geobhaidh fáilte ann da mbéadh ar a thriall
An Rí ‘gus an báinrioghan ‘s [ga]? árd aicme dá bhfuil o sin siar
Go mbéadh Doiminic a laimh leo ‘s ar Palúr go gcaitfeadh leo biadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)