Scoil: Áth na gCoire

Suíomh:
Anagaire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán P. Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 278

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 278

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áth na gCoire
  2. XML Leathanach 278
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seán Sgeal.
    Bhí fear ann fada ó shóin agus bhí a chomhnaide air ag áit a dtug siad Bealtaine air in aice leis an Fhal Carrac. Bhí sean ghearran bhán aige agus rinne sé suas a inntinn é a dhíol ar aonac Gort-a-Choirce. Tháinig lá an aonaigh, agus dimthigh sé. Bhí an iomarca dúl san ól aige agus nuair a tháinig sé go dtí teach taibhre airighthe ata annsin d’fhag sé an ghearran taobh amuigh agus isteach leis ag ól. Dól sé leis go raibh sé olta agus niór smaointigh sé a thuilleadh ar an ghearrán. Nuair a bhí níos mó na a shaith olta aige dimthigh sé leis na bhaile.
    La thar-na mhárach bhí sé ag dul go (go) dtí Gort-a-Coirche arais agus fuair se an sean gearrán at thaobh an bothar marbh. Thug sé amac a sgean phoca agus bhain an chroiceann do. d’Fhosgail é agus thug amac na crúadhogaí. Ar shiubhal leis go dtí gabha a bhí im[Bedlam]? thug na cruadhogaí do agus diarr air claidheamh a dheánadh. Chuaidh sé chúig toramh a bhí san áit an lá sin agus nuair a bhí an toramh thart casadh sgaifte buachaillí do agus iad ag casadh clocha go bfeicfeadh siad cé bhfearr no cé a bfhuide a caiteadh cloch.
    Tháinig seisean fhad leo agus chuir ceist
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán P. Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)