Scoil: Áth na gCoire
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán P. Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áth na gCoire
- XML Leathanach 310
- XML “Seanrann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-Rann
‘Sé dubhairt Colmcille liom go h-iFreann go bráthach nach dtéidh fial.
Lucht a’ tsaidhbhris go gcéileann siad a bpáirt le Dia.
Nach mór an tubaiste do dhuine ar bith da dtearnadh Riamh
Oiread a chruinniughadh agus choinneochas as párrthas iad.Sean Rann eile
Triallfaidh mó thorramh tráthnóna Dia h-aoine
Nó’r maidín Dia Domhnaighe frídh na boithre m’s mian leat
Tiocfaidh Neilí agus Nóra agus óg-mná na tíre
Béidh me ag éisteacht le na nglorthaí faoi na fóide ‘s me sínte.Tomhasannaí
Gé roimhe ghé; ge indiaidh ghé
Ge idir dhá ghé
Ge roimhe dhá gé; ge indiaidh dhá ghé
Dhá gé roimhe ghé; dhá ghé indiaidh gé
Cá mhéid ge sin?
Fr. (Trí cinn)- Bailitheoir
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)