School: Grianán (roll number 13178)
- Location:
- Greenans, Co. Mayo
- Teacher: Máiréad Bean Uí Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Grianán
- XML Page 199
- XML “Ainmhithe Allta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 199
Ainmidhthe Allta
Níl mórán ainmidhe fiadaín le fághail ar na sleíbhte anois. Acht do bhí i bfad níos mó in Eirinn fado. ‘Siad an broc agus an sionnach na h-ainmhidhthe is coitcheanta a bios le feiceál ar na sleíbhte anois.
Ainmidhe fiadháin is eadh an sionnach. Tá sé comh mór leis an madra agus tá dath donn air. Comhnuigheann sé i bpluas i gcarraig. Deíneann sé a lán dioghbhala. Marbhuigheann sé cearca agus lachain agus éanlaith eile. Bhíonn sé amuigh gach oidhche ag fághail bidh le h-agaid na sionnach n-óg. Deirtear go bhfuil leigheas i dteangan an sionnaigh. Is féidir dealg a tarraingt as laimh nó as cois le teangan an sionnaigh.
Ainmhidhe an-bheag is eadh an firéad. Tá sé go h-án mhaith cun coinin no luch a chur amach as pollanna agus tá leigheas ins an mbainne nó ins an mbiadh a fágann sé in-dhiaidh, le h-aghaidh an treacha.
Cuirtear ainmneacha na mbeithidigh ar a lán duine mar leas ainm. Tá fear ‘na chomhnuidhe i mbun Dobháin darbh ainm dó “Searrach” mar leas ainm, mar maidin amháin nuair a bhí sé og chuaidh sé amach san bpáirc agus chonnaic sé rud beag ar thaobh an chapaill. bhí fear ag dul ar an mbothar agus d’fiafruigh sé de’n bhfear ceárd a bhí ann. “Searrach” a deir sé agus tugtar an t-ainm sin aro shin i leith
23-5-1938
Máire Nic Éil (VI)
Lárgan
Caisleán-a-bharraigh- Collector
- Máire Nic Éil
- Gender
- Female
- Address
- Largan, Co. Mayo