School: Poll an tSómais (roll number 16283)

Location:
Poll an tSómais, Co. Mayo
Teacher:
Proinnsias Mac Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 515

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 515

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Poll an tSómais
  2. XML Page 515
  3. XML “Scéal Fíor faoi Bhualadh Saighead”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cúpla bliadain ó shoin d'éirigh bó le duine dena comharsannaibh tinn - Réir gach cosamhlachta "bualadh saigheadh" a bhí uirthi. Chuir fear an tige fáirnéis go bhfeicfeadh sé cá raibh na saighid le fághail. Chuaidh sé go dtí an teach seo, agus fuair sé iad - cúig cinn aca a bhí i gceist.
    Nuair a tháinig sé abhaile thug sé an deoch den mboinn, agus chuir sé na saighid ar an mbac go d'triomóchadh siad.
    Scathamh in a dhiaidh sin bhí bean an tige ag cur síos teineadh, agus cé-bí slámáil a bhí aici chaith sí ceann de na saighid isteach sa teinne i ngan fhios dí féin.
    Réis tamaill thainig fear an tighe, agus thog sé na saighid len a gcur i dtaisce. Thug sé faoi deara go raibh ceann aca imthighthe. Thosuigh se ag cuartú, agus ag cuartú, agus faoi deireadh b'fheacas dó go raibh sí sa teine. Tharraing sé amach í ac dar ndoigh bhí sí dóighte leis an teine.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Language
    Irish