School: Poll an tSómais (roll number 16283)

Location:
Poll an tSómais, Co. Mayo
Teacher:
Proinnsias Mac Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 520

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 520

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Poll an tSómais
  2. XML Page 520
  3. XML “Fóidín Mearbhaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is minic amuigh ar an sléibh nuair a bhíonn duine in dhiaidh na gcaorach go dtigeann an aicíd air. Na daoine seo a bhíonn cleachtuighthe ar an sléibh tig leó a mbealach a dhéanamh abhaile, is cuma an oidhche nó lá é. Mar sin féin téigheann duine amudha ar uairibh. Ceapann sé go bhfuil sé ag dul an bealach ceart, acht in áit sin tá sé ag dul thart i bhfáinne, agus ní bhíonn sé in don a bhealach do dhéanamh amach. Bíonn sé ag dul thart, agus ag dul thart go mbíonn sé sáruighthe, agus lag leis an ocras, agus bíonn air luighe síos. Is minic gur siocar bais dhuine é.
    Creideann na daoine go bhfuil lámh ag na daoine maithe ar an rud seo, gur b amhlaidh a cuireann siad an duine amuda in aon torus.
    Tá daoine eile a chreideann go fuil fód aithrid ann, agus ma sheasann duine air go dtéigheann sé amudha.
    Tá tuairim ag na daoinibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
    Language
    Irish