School: Poll an tSómais (roll number 16283)

Location:
Poll an tSómais, Co. Mayo
Teacher:
Proinnsias Mac Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 524

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 524

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Poll an tSómais
  2. XML Page 524
  3. XML “Bó Ionlao”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhíonns bhó ionlaogh aca cuireann siad ribín dearg ar a h earball ar faitchios go gcuirfeadh aon duine súil throm uirrí, nó go dtiocfadh na sídheógaí uirthi. Má déantear mar seo tá siad lán cinnte go n éirieóchaidh go geall léithe.
    Seo sean nós ar fad, agus tá ciall leis gédh nach gcreideann na daoine é.
    Blianta ó shin nuair nách raibh na daoine chomh fairsin agus tá siad annois bhíodh ba an bhaile ar fearacht le cheile ins na buaillibh. Fágtai na ba bainne, agus na ba ionlaogh ins na háiteacha 's mine, agus 's fearr, agus ruaigtí na boláin, na colpaidhe, 's na ba seasgacha le mada suas ar thaobh na sléibhe.
    Ní hiad na daoine ceadna a theidheach amach gach maidin 's trathnona ag faire orrtha, agus ar fhaitchios nach n aithneóchadh siad na ba ionlaogh ó na ba eile, agus go gcuirfeadh siad an mada orrtha cuireadh an marc sin orrtha, agus lean an nós sa gceanntar ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Language
    Irish