School: Poll an tSómais (roll number 16283)
- Location:
- Poll an tSómais, Co. Mayo
- Teacher: Proinnsias Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Poll an tSómais
- XML Page 518
- XML “Loscadh Bualadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo galar eile a thigeann ar bhuaibh.
Eirigheann an ionga an nimhneach, agus bíonn an chos an attha, agus ní bíonn an bhó abalta siubhal acht ar éigin.
Creideann na daoine nách bhfuil aon leigheas ar an ngalar seo acht artha do dhéanamh de'n mbuinn.
Seóltar an bó amach san machaire, agus cuirtear in a seasamh í i bplasán réidh. An duine a bhíonn ag déanamh na h artha gheibheann sé scían, agus cos dhubh innte. Deireann sé padaireacha áiridhthe, agus gearann sé fód faoi an gcois tinn leis an scin. Cuireann sé an fód ar cúl na teinneadh go dtriomóchaidh sé, agus tamall in a dhiaidh sin bíonn biseach ar an mbuinn.