School: Poll an tSómais (roll number 16283)
- Location:
- Poll an tSómais, Co. Mayo
- Teacher: Proinnsias Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Poll an tSómais
- XML Page 531
- XML “Cleamairí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oidhche pósta nuair a bhíonn an bhainfheis ar siubhal is cuma saidhbhir nó daidhbhir na daoine, baluigheann stócaigh an bhaile nach bhfághann cuireadh chuice isteach i dteach áirthid, agus dosgán faoi ascaill gach duine aca. Ins na dosgáin seo bíonn hataí árda deanta de chochan, agus corraicíní deasa mar coróin ar gach ceann aca, agus iad feistighthe le ribíní ar gach dath. Téigheann na hataí seo síos go dtí a ngualuaibh, agus nuair a bhíonn siad gleasta amach i gcóir na bainfeise ní aithneóchadh a maithreacha féin iad.Bíonn léintí bana, agus cotaí beaga bána orrtha freisin, agus bíonn creasanna de ribín thart ar an gcoim.Dá mó é a meas ar an lánamhain, is é is deise a bhíonns a ngléas.Ní leigeann siad de aoine dul isteach sa teach acht muintir an tighe an fhaid is bhíonn siad ag cur orrtha.(continues on next page)