School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 008
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aon oidhche amháin timpeall na bliadhna 1898. Bhí scata de na comharsana ar a gcuairt i dteach m-athar agus in a measg bhí fear greanmhar a b'ainm dó Seán Mac Grioghair. Bhí mach Fírín bhig, a mbhiodh ná comharsana ag magadh faoí ann. Martán Mac Ghualraic a bhí mar ainm ar an bhfírín. Bhí droch-fhataí ann an bhliadhain sin agus bhíodar ag cainnt agus ag cómhrádh ar an droch-shaoghal. Dubhairt Seán Mac Grioghair go mbá chóir agairt[?] a chur ag an bhfear Ionaid ag iarraidh cabhrach air agus go gcuireadh siad ann go bhfuair siad Mártan Mac (a') Gualraich amuigh faoí chránn cabáiste insan ngarrdha agús é, ghá ithe. Leig gach uile dhuine a bhí i láthair sgáirt gáire. Bhí Seán an t'ám chéadhna ag cur deis ar a bhróg. Léim an cásúr de'n chois agus thuit sé ar mhéis mhóir a bhí ar an mbhord agus bháin sé scealp aistí. "Bhfuil sé briste"? arsa Seán. "Níl", arsa mó mháthair. Leig siad sgáirt gáire arís, acht níor chuidigh mo mháthair leó an uair seó. Tá Seán agus mo mháthair marbh anois, go dhéanaidh Dia grásta orra.
- Collector
- Saidhbhín Ní Ghacháin
- Gender
- Female
- Informant
- Miceál Mac Thámhais
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Dumha Thuama, Co. Mayo