School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 155
- XML “Amhrán Eile ar Chogadh an Talaimh”
- XML “Arán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí Howard ar thaobh an bhóthair le guna roimhe. D'feuch Howard a chaitheamh acht nior imthigh an t-urchar. Mhothuigh Sydney torann an bhuailteóa agus mharbhuigh sé Howard le piléar as a ghuna féin.
- Bhíodh arán eornán agus arán mine coirce aca fadó. Bacti, agus arán déanta as fataí - cáca fatai (an cáca is deise dár itheadh ariamh) Ní bhíódh arán cruithneachtan aca acht um Nodlag. Gheobadh gach bean tighe cloch nó dhá cloich plúir le h-aghaidh na Nodlag.Bhíodh máilín eornán ar crochadh ar an mballa os cionn na teineadh d'á thrimadh. Meilte í do réir mar bhíodh an mhin ag teastáíl. Uisge fuar a cuirtí san min eornan nó min choirce. Bhiodh cuma cearcaill ar an gcáca agus é tuairm ordlach ar airde. Cuirte é annsoin ar leic an abhainn os cómhair na teineadh go mbíodh sé bruithte. Bhiodh an leac ina a seasamh agus taca léíthe - cúpla fód b'féidirBhíodh arán eile ag daoine fior-bhochta. Déantai cáca le mini bhuidhe ar an dóígh ceudna a's a déantaí an cáca min-choirce. Cuirtí annsin é idir duilleóga cabáiste ar leac an teallaigh agus an griosach anuas air. Is minic a chualaidh mé go mbíodh sé go h-an-mhilis acht ní fhaca mé féín(continues on next page)