School: Dubhthuama (roll number 14193)

Location:
Dumha Thuama, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Támhais
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 167

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 167

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhthuama
  2. XML Page 167
  3. XML “Dónall Dualgaigh”
  4. XML “Na Reiligí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní féidir liom aon seanchus fagháil fá fhathach ar bith acht Dómhnall Dualgaigh. Deirtear gurbh é an fathach a ba láídire i nÉirinn le n-a linn. Chómhnuigh sé ag Dún Dhómhnaill in aice le Gleann Chaisil, trí mhíle an taobh thoir de Bheul a' Mhuithrid. Nuair a bhéas tú ar d'aistear ó Beannchor Iorruis go Béal a' Mhuithrid tá a uaigh le feiceál ar thaobh an chnuic san ngleann. Tá an uaigh 24 troigh ar fad.
    Tá sean-chaisleán a bhí i seilbh Ghráinne Ní Mháille treasna na h-abhna annseo an taobh dheas de'n scoil ar Ceann na Faithche i mBaile a' Chruaich. Deirtear go raibh áit cómhnuidhthe ag Dómhnall san áit sin fadó agus ndeárnaidh sé bealach nó clochán treasna na h-abhna go dtí é. Ta an bealach ann go fóill. Nuair a bhéas sé in a íar-thráigh is ar éigin a bhéas bád mór a dhul treasna an chlocháin seo.
    Tá cunntas air ag Séamus Mag Guibhir, mac le Pádhraic, i leabhar ata dhá chur amach ag an nGúm.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
  2. Tá ceann i nDubh-Thuama a fosgluigheadh sa mbliadhain 1928. Lisín a bhí ann roimhe sin. Cuirtí páistí gan baisteadh san lisín. Cuma chearnógach atá ar an reilg anois acht cuma chruinn a bhí an lisín.
    Tá roilg eile i nGaoth-Sáile a rinneadh dhá bhliadhain
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.