School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 110
- XML “Féilí na Bliana”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 17.10.'38Lá'l Stiophán:Teidheann na gasúra thart annseo gach lá'l Stiopáin, beirt nó trúir le chéile. Ní bhéidh nios mó ná triúr in gac aon sgata. Béidh tor aitinne leó agus ribíní air acht ní bhéidh aon dreoilín ar an tor. Tiocfaidh beirt nó triúr go dtí an doras, annsoin beirt nó triúr eile agus mar sin de ar feadh an lae. Déarfaidh duine
" Dreoilín, Dreoilín, rí na n-éan Is mór 'do mhuirín, is beag thú féin,Éirigh suas, a Bhean a'Tighe,Beir ar cois na sgine buidhe,Agus tabhair a chuid fhéin do'n dreoilín "
Geobhaidh siad pinginn nó dhó agus imtheóchaidh siad leó.Le cúpla bliadhan tigeann buachaillí móra ar gluaisteán, aghaidh fidil orra, gléis ceoil leó. Ní féidir a n-aithneachtáil. Ní bhéidh siad-san sásta mar bhfághaidh siad réál nó sgilling ins gach aon teach. Sé an t-airgead cuspóir na hoibre uilig agus ní hé an greann é.
Lá' Pádhraic:Is annamh a caithtear an tseamróg anois. Na páisdí féin is annamh a fheicfeas tú ribíní glas dá chaitheamh aca. San oidhche bíonn damhsaí aca, agus ól má's leó an t-ól fhagháil.
Aoine an Chéásta:Ar feadh an lae béidh daoine ar na(continues on next page)- Collector
- Micheál Mac Thámhais
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir