School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I n-Oilean Éadaigh tá mo rún is mo chéad ghrádh
Ag a leig mé léithe mo rún go h-óg
Tá triúr ar aon chéill gol na déidh orm
Agus gan bean a mbreugaidh, mo creach le fagháil.
Tá mé tréith-lag i's ní gar d'á shéanadh
Níl mé ar aon chor acht mar an ceo
A Stóir mo cléibhe, i's tú d'fág liom péin mé,
A' dhul i gcré uaim in do chailín óg.
In aois a sé deug, 'seadh phós mé féin í,
Agus ba deas a' péarla í ag fear le fagháil;
Ba deas a béasa agus ba ciúin a méin mhaith;
I's ba geal le réalta í maidin bhreagh.
Mo ghrádh do bhéilín, nár chum na breugaí,
Do gruadh geal ghléigheal mar an eala ar tráigh,
Dá chíc ghlégeal le do leanbh a bhreugadh,
Acht a Stóir, níor fhéad mé do thabhairt ó'n mbás
Dá bpósainn Sláimín de chaile gránda,
Thóigfeadh a lán orm a bheith gol na déidh,
Acht an óigbhean mhánla a dtug mé grádh dí,
Agus gur in a páiste 'seadh phós mé í
B'fearr liom go mór mór mo dhéidh sa ród í,
Ag bleághan mo bhó í, nó i gcionn mo thigh
Ná saidhbhreas Sheoirse, agus fághaim faoi dhó é,
A's gur faoi na fóide a cuireadh í.(continues on next page)- Collector
- Micheál Mac Thámhais
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir