School: Garrán Bán, Dúngarbhán
- Location:
- Garranbaun, Co. Waterford
- Teacher: Tomás Ó Maolchatha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Com Duala nó Loch Chaoinleáin - Deirtear go bhfuil spéir-bhean na comhnuidhe fá an loch so agus go bhfuil a folt agus a h-eudaighe comh geal leis an lítis. Sin é an cúis tugadh Com Duala ar an áit.Loch Mhóra
Deirtear gur síde - Bhean Mór agus go bhfuil sí in a comhnuidhe sa loch agus scata bréagh ba bainnt aici. Ba Bána agus Cluasa Dearga artha iseadh iad agus tagann siad féin agus Mór amach ar an Sliabh gach oidhche.Na Sciollóga - An Sciollóg Mhór agus An Sciollóg Bheag dá loch eile.Com Fiadh agus na Comalocha ar an dtaobh thiar den Comaraigh. Atá ilphiast i gCom Fiadh. Is ar an sliabh a bhíodh sé agus é ag ithe na mbeathaidheach agus na ndaoine gur chuir Naomh Pádruig sa loch.