School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
![The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 189](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1042%2FCBES_1042_189.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 189
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 189
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí triúr dearbhráthair ann aon uair amháin agus thoisigh an fear a b'óige a goid uibheacha ón bheirt eile agus ba é an deireadh a bhí ann gur aithin an bheirt eile é agus chuir siad amach as an teach é.”
(continued from previous page)suas leis an fhuinneoig é.
Damharc an sgológ amach agus chonnaic se an fear na sheasamh ag an fhuinneoig agus shíl sé gurab é an gaduidhe a bhí ann agus fuair sé a ghunna agus thuit an fear marbh. Shíl an sgológ go rabh an gaduidhe mharbh agus léim sé amach as an leabaidh agus thug sé leis an fhear a bhí marbh no níor mhaith leis duine ar bith é a fheiceáil.
Bhí an gaduidhe ag éisteacht ag an doras cúl agus nuair a fuair sé an (gaduidhe) sgológ ar siubhail tháinig sé isteach agus isteach sa leabaidh leis. Shíl an bhean gur a fhear fein a bhí ann agus bhí an fear ag iarraid ar an bhean luighe isteach giota go rabh sé iongantach fuar agus do réir mar bhí sí ag luighe isteach bhí an gaduidhe ag tarraingt an braithlin chuige. Agus nuair a bhí an braithlin a (bhí) tháinig an sgológ abhaile d’innis an bhean do fan fear a bhí astuigh agus nuair a d’amharc sé faoi ní rabh an braithlín ann.
Ar maidín lá thar na bharach thainig an gaduidhe agus an braithlín leis.
Bhí iongantas mhór ar an sgológ annsin. Dubhairt an gaduidhe annsin gur mharbh seisean fear. Agus arsa sgológ leis an gaduidhe muna ndeinnsin tu bhéarfaidh mé an fherm agus dhá chéad punta duit agus sé an fherm agus dhá céad punta don sgológ(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghóill
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Cnoc an Cheo, Co. Donegal
- Informant
- Pádruig O Baoighill
- Gender
- Male
- Address
- Cullion, Co. Donegal