School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 240
- XML “Ainmhithe Allta san Áit seo”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bíonn sé na chomhnuidhe an chuid is mo de’n am fán uisge, acht tigeann sé i dtír nuair a bíonn rud ar bith aige le n-ithe no nuair a bhíonn sé ag cuartúgadh éanach.
Tá ainmhidhe eile ann ar a dtugtar an cat fíadhain air. Bíonn gach eile dath ortha - cuid aca dubh, cuid bán, cuid donn agus cuid breac. Itheann siad coininí, eanacha, gearrfhiadhacha, agus gach aon rud eile atá le fághail aca. Cuireadh siad uaigneas ort indhiaidh na h-oidhche no bíonn siad ag caoineadh go hArd. Bíonn siad thart fa na toighthibh ag iarraidh na cait eile a mhealladh ar siubhail leo.
Tá ainmhidhe eile ann ar a dtugtar an each uisge air. Bíonn dath deas air - stríoc dubh agus stríoc ban air. Tá deanamh caiple air, acht níl sé acht fa thuairim méid searrach. Tá dhá chluais an ghoirid air.
Tigeann sé amach as an uisge lá maith agus luigheann sé ar an talamh tirm agus codluigheann sé. Itheann sé gach cineal éanach atá fán fhairrge, agus itheann sé eisg fosda.
Bhí ceann aca ‘na chodladh lá amhain agus fuair fear greim air agus thug leis abhaile é acht nuair a bhí siad ag gabhail trasna abha a bhí ann, chuaidh an each - uisge síos faoi an uisge agus d’imthigh leis.Tá ainmhidhe eile ann ar a dtugtar an “Gráineog-Fheir”(continues on next page)- Collector
- Cait Ní hÉigheartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Chruach Bheag, Co. Donegal