School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 249
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal (continued)
“Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí trí mac deug aige. Lá amháin bhí an fear seo ar siubhail ar taobh loch mór agus chonnaic sé éan ag snámh ar an loch agus bhí trí éan deug ag snámh leis.”
(continued from previous page)chonnaic an gasúr bocsa ór ar taobh an Bealaigh Mhóir. Dubhairt an gasúr go gcaitheadh se an bocsa dfhághail. D’iarr an clibistín air gan é á thogailt ar cor ar nith acht ní raibh gan a bheith leis an gasúr agus thóg sé an bocsa. Shiubhail siad leo ar feadh tamall eile agus sa deireadh nuair a bhí sé ag éirge dorcha chonnaic siad teach beag fa giota c-íobh. Tharraing siad air agus bhuail sé ag an doras. D’fhosgail fear an toighe é. D’iarr an gasúr air an bhfuigheadh siad lóistín. Dubhairt an fear go bhfuigheadh cinnte. Thug sé áit don clibistín shios ag an dorás agus thug féar dó. Chuaidh an gasúr síos ‘un t-seomra agus dh’fhosgail an bocsa. Bhí trí ribe gruaige ann agus solas an mór asta. Chonnaic fear an toighe an solas seo mar ní raibh solas ar bith eile ins an teach. Chuaidh sé suas ‘un t-seomra agus chonnaic sé na ribe agus dubhairt sé go gcaithfead sé an cailín a fhághail a dfhás na ribe uirthí. Ar maidín lá thar na mhárach dimthigh an gasúr agus an clibistín leis. Shiubhail siad leobhtha ar feadh tamall maith agus sa deireadh nuair a bhí siad tamall ar shiubhail d’iarr an clibistín ar an gasúr(continues on next page)- Collector
- Seán Mac Seaghain
- Gender
- Male
- Age
- 12
- Address
- Caiseal Charna, Co. Donegal
- Informant
- Proinsias O Coilín
- Gender
- Male
- Address
- Iomascan, Co. Donegal