Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 251

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 251

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 251
  3. XML “Seán agus Mac Dhomhnaill an Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sí i laige; caithfidh duine éiginnteacht a lámh a gheárradh agus an píosa a chaitheamh isteach ins an teinidh.” Bhí siad ag an domhan thiar fá’n am seo. Shiubhail siad leóbhtha go dtí go raibh siad i dtoigh Dhomhaill. Chruinnigh cuid mhór daoine isteach chuca an oidhche sin ar an ádhbhar go rabh damhsa ag gabhail a bheith aca. Chuaidh Mac Domhnaill a dhamhsa an cead uair.
    Nuair a bhí an chead chursa deánta aca chuaidh a culaith-se le teinidh. Reath Seán an méid a bhí ina corp go dtí gur tharraing é an chulaith díthe agus gur chaith isteach ins an teinidh í. Bhí fearg ar an
    Dhomhnaill cionnus gur tharraing sé an chulaith díthe ar leithéid a dhóigh agus gur chaith isteach ins an teinidh í. Bhí eagla ar a raibh astoigh ach thaisbeáin Mac Domhnaill daobhtha nar shíl seisean a dhath de.
    Rinne sé an dara cúrsa ach annsin thuit sí a laige ar an urlár. D’imthigh Seán agus gheárr sé píosa de n-a láimh agus chaith isteach ins an teinidh í. Nuair a chonnaic Mac Domhnaill seo bhí oiread feirge air agus gur chaith sé sleigh ar Sheán agus gur bhain sé an ceann de. Bhí oiread buadhartha ar Mhac Domhnaill anois cionnus go dteárn sé a leithéid a rud leis an fhear a bhí comh mhaith do agus bhí Seán. Ní raibh sé ábalta Seán a thabhairt ina chruth fhéin arais, agus lá amháin cupla bliadhain ina dhiaidh seo tháinic bean mheadhon-aosta isteach chuige nuair a bhí sé leis fhéin agus dubhairt, “Bhéirfidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Ní Chinnéide
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cruach Phádraig, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cinnéide
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cruach Phádraig, Co. Donegal