Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar bith.
D’imthigh an fear eile agus goidé de bharamhail nuair a d’fhág sé síos an soitheach greamaigh na punnta do thóin an tsoithigh, agus bhí Pádraig níos saidhbhre na a chomraduidhe a d’fhan ag an fheirmeóir. Tháinic sé anall go h-Éirinn annsin agus smaointigh sé go raibh cailín i gCo Thír Eoghain agus nach rabh aon duine aici ach í fhéin. Tháinic sé go dtí í seo tráthnóna amháin le luighe gréine, agus bhí sé ag brath i a mharbhughadh roimhe mhaidin agus an t-airgead a bhaint díthe.
Ba ghnáthach leis a bheith ar fastódh aici seo nuair a bhí sé seacht mbliadhna déag d’aois agus shíl sise nach raibh stócach ar bith eile i n-Éirinn cosamhail leis. Eadar an dá am d’athruigh sé a intinn agus smaointigh sé go pósfadh sé í agus go mbéadh sin ní bh’fhearr na duine a mharbhughad. Pósadh iad seachtmhain ina dhiaidh sin agus bhí Pádraig bréagh sásta ar an ádhbhar go rabh sé ag deánamh go mbéadh an t-airgead aige fhéin lá éiginnteacht agus go mbéadh doigh bhréagh.
Chuir sé nimh ina cupa-sa oidhche amháin, ach goidé a rinne sé ach é fhéin an tae ól agus fuair sé bás ins an bhomaite. An oidhche a cuireadh é tháinic fear de chuid an bhaile agus thóg amach a’s an uaigh é, agus d’fhág ina shuidhe ag giall an dorais é. Nuair a d’éirigh an bhean ar maidin fuair sé é ina shuidhe ag an doras ag amharc isteach uirthi. Chuir sí ceist ar an fear seo a thóg é goidé bá chiall leis a bheith ag teacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighread Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cruach Phádraig, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cinnéide
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cruach Phádraig, Co. Donegal