Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 266
- XML “Scéal - Pádraig agus Mícheál in Albain”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)arais mar sin. “Ó, tá, arsa seisean “tá sé ag teacht arais fá choinne rud beag airgid agus is feárr duit an t-airgead a thabhairt domh-sa agus bheirfaidh mé chuige anocht é.
Thug an bhean deich bpunnta do agus d’iarr air é a thabhairt do cinnte, ach i n-áit an t-airgead a thabhairt dó sé an rud a chonbhuigh sé fhéin é agus níor mothuigh aon duine iomrádh ar an fhear nó ar an airgead ní ba mhó.Sgéalaidhe: Seán Ó Cinnéide, Cró-Phádraig, Clochán Liath
Scríbhnóir: Maighread Ní Chinnéide, Cró-Phádraig Scéal
“Bhí gasúr ann uair amháin agus ní rabh deirbsiúir nó dearbhrathair aige agus bhí a athair marbh ó bhí seisean ina leanbh, ní rabh aige ach a máthair.”
Sgéal
Bhí gasúr ann uair amháin agus ní rabh deirbsiúir nó dearbhrathair aige agus bhí a athair marbh ó bhí seisean ina leanbh, ní rabh aige ach a máthair. Bhí an gasúr seo iongantach fallsa agus bhí an bheirt bocht. Maidín amháin d’éirigh siad agus ní rabh aon ghreim aráin nó bídh ins an teach.
D’iarr an mháthair ar an ghasúr imtheacht “agus,” arsa sise, “b’fhéidir go bfuigfea rud eigin le h-ithe.” D’imthigh an gasúr. Chuaidh sé fiche míle agus sa deireadh chuaidh sé fhad le teach agus thug fear an toighe isteach é agus thug sé béile maith bidh dó. Nuair a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Seán Bhreathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Donegal