Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 297
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí baintreabhach ann aon uair amháin agus ní rabh aici acht aon mhac amhain. Lá amháin thainic buisteóir thart agus d'iarr sé uirthi giota feóla a cheannacht agus ní rabh airgead ar bith ag an baintreabhaigh agus bhí sé iongantach feargach cionnus go dtá”
(ar lean ón leathanach roimhe)a bhí ag an doras dhruidte agus mharbhuigh sí é le buille amháin agus thug sí léithe é agus chuir sí amuigh sa gharradh é. Annsin dubhairt sí leis an ghasúr gan é a innse do bhean an bhuisteóra. Ach gasúr amaideach a bhí ins an ghasúr seo agus an lá céadna casadh bean an bhuisteóra do’n ghasúr agus chuir sí ceist air a ghasúr an bhfacadh sé a fear agus dubhairt sé gur mharbhuigh a mháthair é agus gur chuir sí amuigh sa ghárradh é.
Acht bhí an mháthair ró-chliste ag an bheirt seo. D’imthigh sí agus mharbhuigh sí gabhar de na cuid a bhí aicí, thóg sí an buisteóir amach as an pholl, agus chaith an gabhar síos ina áit. Bhí a fhios ag an mhac ca rabh an buisteóir curtha acht níor smaoitigh sé ariamh go ndéanfadh an mháthair an cleas a rinne sí. Thug sé leis bean an bhúisteóra go dtí an poll agus chuir ceist uirthí ar b’é seo an cineál fir a bhí aicí. D’imthigh an bhean ‘un an bhaile agus ní bhfuair sí tuairisc an fhir ón lá sin go dtí an lá indiu.Scéalaidhe: Seosamh Bhreatnach Áirdmhín
Anna Bhreatnach Áirdmhín a scríobh- Bailitheoir
- Anna Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Seosamh Bhreathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Donegal