Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 316

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 316

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 316
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí triúr gasúr aca. Fuair a máthair bás nuair a bhí siad beag. Bhí na gasraí mór nuair a fuair a n-athair bás.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Sgealaidhe: Antoin Ó Gallchobhair, Áirdmhín 78 bliadhan
    Scríbhneóir: Bríghid Breatnach, Áirdmhín
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal

    Bhí fear agus bean ann am amháin agus bhí triúr mac aca. Nuair nach raibh na mic acht óg fuair a n-athair bás agus fa chionn tamail fuair an mhathair bás. Tarla go raibh an mhathair muinnteardha do'n rí agus thug an rí leis na mic.

    Bhí fear agus bean ann am amháin agus bhí triúr mac aca. Nuair nach raibh na mic acht óg fuair a n-athair bás agus fa chionn tamail fuair an mhathair bás. Tarla go raibh an mhathair muinnteardha do'n rí agus thug an rí leis na mic.
    Bhí tairngearacht deanta nach bhfuigheadh an rí seo bás go gcuirfhidh trí ceisteanna air nach mbéadh sé ábalta a fhreaghairt bhí an triúr díleachta seo an-chliste agus bhí eagla ar an rí i gcomhnuidhe go mbéadh siad mar chionntuigh le n-a bhás, Lá amháin leag sé amach an triúr aca a chur ar siubhal.
    Chuir sé ar shiubhal an triúr, aca acht sul a dteachaidh siad i bhfad chuir sé a ghiolla ina ndiaidh ag iarraidh ortha pilleadh.
    Thainic an giolla fhad leo agus iad istoigh i gcoilliadh mhóir a bhí ag n-a mathai agus ag a n-athair agus a máthair. Bhí siad ag sgannsail eadtorra fhéin cé a gheobhadh an choillidh acht sharuigh sé ortha a réibhteach. Dubhairt an giolla go réidhteochadh an rí é.
    Phill siad ar an ríogh agus d’innis siad dó fa’n choillidh. Dubhairt an ríogh go bhfuigheadh an mac ar fhág a athair aige é. Dubhairt an mac
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Dómhnall Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Antóin Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Donegal