Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 360

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 360

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 360
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí gasúr ann am amháin, agus bhí moran aiteacha siubhalta aige. Lá amháin bhí sé fhéin agus sgaifte eile gasúr ag dul 'na sgoile agus dubhairt duine aca go raibh seisean ag a leithéid seo áiteacha, acht bhí an gasúr ins na h-áiteacha céadna.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar a bhean aire mhaith a thabhairt d0. Ní raibh a bean ábalta cuisle ar bith a fhághail i láimh ar bith de n-a chuid no in a chois dheis. An lá thar na bhárach bhí sé ní b'fhearr agus anois agus aráis thigeadh na comhursanaigh isteach ag fiafrughadh goidé mar bhí an gasúr.
    Oidhche amháin bhí sgaifte comhursanach istoigh agus iad ag cainnt eadtorra fhéin fa'n ghasúr agus cé ar leis é. Dubhairt duine gur cailleadh gasúr le Padraic Ruadh as Árd na nGabhar, tá mó ó shoin, go raibh an condae cuartuighthe aca agus nach raibh dul aca a fhághail.
    Sa bhomaite d'éirigh aghaidh an gasúra dearg agus d'éirigh sé aniar sa leabaid, agus arsa seisean:-
    "An raibh siad i bhfad a mó toruigheacht." Thoisigh siad a cur ceisteann ar an ghasúr, acht d'iarr bean a' toighe ortha gan barraidheacht cainnte a baint as, agus é comh lag agus bhí sé.
    Ar maidín an lá thar na barach cuireadh sgeala chuig Pádraic Ruadh, go raibh a mhac le faghail agus tháinic seisean comh luath agus fuair sé an sgéala, agus bhí iongantas ar gach duine nuair a chualaidh siad goidé an gabhadh (?) a dteachaidh an gasúr fríd.
    Sgéalaidhe: Niall Mac Cumhaill, Áirdmhín, Clochán Liath.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Dómhnall Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Niall Mac Cumhaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Donegal