School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 156

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 156

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 156
  3. XML “An Chéad Taibhse a Chonaic mé”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    no mar sin. Tá sí marbh fa thuairm 50 mbliadhna agus ar an adhbhar sin tá sé níos mó no céad bliadhain ó chonnaic Maire an taidhbhse agus seo shíos an sgéal a d'innis sí:-

    SGÉAL MÁIRE
    "Tá mé mo shean-bhean anois agus is iomdha rud a chonnaic mé agus is iomdha rud a chualaidh me rith mo shaoghal fhada acht a ní fhaca mé rud comh iontach ariamh a's an rud a chonnaic mé oidhche a thainig taidhbhse Conyngham orainn: is le m'athair agus le mo mhathair a bhí sí ag innse an sgéil.
    "Tá se níos mó no da scór go leith bhliadhain o tharlaigh se acht ní deanfaidh me dearmadh ar an oidhche sin go racais mé bhí clár. Fuair mé fhéin agus mo fhear, - go ndeanaidh Dia trocaire air - cuireadh go teach duine muintearach amach ins an Chill Mac Neannain. Chaith muid an lá leobhtha agus bhí sé go measadhra mall nuair a d'fág muid, acht bhí an oidhche maith agus an geallach lán agus bhí capall bréagh láidir againn. Bhí Aodh - sin mo fhear - ins an dheallaidh agus mise ar Phillion ar a chúl. Dimthigh an bheirt againn agus is cuma linn ag an am fa dtaob do rud ar bith ar an dhomhain. Bhí an bheirt againn ogh (och! an óige; an óige!)"
    "Chuaidh achan rud ar aghaidh go maith go chuir muid deich mile de'n bheallach tharainn. Acht nuair a thainic muid comh fada le baile mór stadfadh an capall anois agus arais agus leigfeadh sé corr scranfaigh as. Thoisigh Aod agus bualadh ar an creatur le fuip a bhí aige acht dubhairt me leis gan sin a deanamh no go rabh mé cinnte go rud
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Máire Nic Shuibhne
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Female