School: Druim na Rath (roll number 12428)
- Location:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Dhúrnáin
![The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 157](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1076%2FCBES_1076_157.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 157
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)eigin ag cur eagla air no bfeidir go bhfaca se rud inteacht. Tháinic eagla ar an bheirt againn, agus conbuigh me feín súil gearr ann mo cheann. Tháinic an smaointeadh chugam fosta gurbh e seo an áit a rabh taidhbhse Conyngham a bheith le feiceal agus leóga bhí eagla an-throm orm. I ndiaidh moran bhlandair shiubhal an capall leis ar ais acht go deiridh nuair a bhí muid os choinne geafta an teampall gallda stad an capall agus ní racadh sé coisceim níos fuide. Chuir sé a dhá cluais i n-airde agus thoisigh sé ag leigint achan scranfaigh as. Bhí an creatuir a dtolamh ag amharc ar gheafta an teampall, agus ins an deireadh thoisigh sé ag dul ar chul, "tá rud eigin cearr" arsa m'fhear liom feín, acht char dhubhairt mé a dhath. Bhí mé ag amharc go direach ar gheaftar an theampaill ghallda. Bhí an geafta druidte. Nuair a bhí mé tamall ag amharc chonnaic an fear mór ag teacht amach as an teampall. Shiubhal se caol díreach amach fríd an geafta gidh go rabh sé druidthe agus shiubhal sé go díreach annsairinn. Fear mór árd a bhí ann. Bhí eadaigh dhuibh air agus h-ata mór árd ar a cheann. Bhí a chota fosgailte síos agus bhí líne bhreágh bán air. Bhí an capall ag dul ar mhire orainn, agus h-obair gur thuit Aodh as an dhiallaidh. Bhí sé comh lag sin leis an scaraifte a fuair se cha rabh se ábalta a labhairt. "Go cuididh Dia linn" arsa mise liom féin, "Caidé deanfas muid?" Tháinic misneach chugam air an bomaite. Choisreach mé fhéin agus arsa mise leis an taidhbhse, agus dubhairt me, "Ann ainm(continues on next page)
- Collector
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Máire Nic Shuibhne
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Female