School: Druim na Rath (roll number 12428)
- Location:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Dhúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chruinnigh muintear an toighe uilig amach annsin agus toban leobhtha .Thoisigh siad agus chuir siad na rudaí uilig istach 'sa' tuban agus nuair a bhí siad uilig istuigh bhí an tuban lán, agus cha rabh ann acht go rabh cúigear acú ábalta an tuban a thógal isteach san truachail. Tugadh na bhaile e annsin agus tugadh isteach san tigh agus cuireadh an tuban na shuidh ar an tábla ins an t-seomra.Thoisigh siad uilig ag amharc ar na rudaí deasa annsin. Bhí beirt thorch ann. Tá dearmadh deánta agam anois ar an mheid fhainne a bhí ann, - bhí níos mó no fice acu, - bhí leath-dúisin braislead, slabhraí deasa, biorain deasa, rudaí cosamhmail le spurainibh, agus leir rudaí , níl rabh fhios ag aon dhuine caidé an mhaith a bhí anntú.Chruinnigh muintear na h-áite uilig isteach le h-amharc ar an ór agus bhí teach Dhomhnaill lán o chúl go doras ach a'n oidhche. Chuaidh na sean-dhuine rith an lae gus na duine eile ins an oidhche agus bhí gach duine ag radh go rabh a fhórtuin deánta ag Domhnall.Bhí go maith agus ní rabh go h-olc. Ar an cúigeadh lá bhí Domhnall agus a teaglach uilig 'nar shuidhe ag glacadh a ndinneara nuair a chualaidh siad an trup ar an t-sráid.
"Seo duine eile ag teacht," arsa fear a' toighe, níl fhios agam caidé deanfear muid, tá mé ag éirigh tuirseach leostha."
Ach cha rabh an focal deírneach as a bhéal no tháinic an tighearna thalaimh isteach agus cuma criosta air. Bhí sé saighdiura dhubha leis (Sé sin na sean POLICE). Sheas siad i lar(continues on next page)- Collector
- Éamonn Mac Dhúrnáín
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir