School: Druim na Rath (roll number 12428)
- Location:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Dhúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an urlair agus d'amharc an tighearna talaimh ar fear an toighe, agus arsa seisean:-
"A Shéamuis Ui Stráin, caidé seo a cualaidh mé? An bhfuil sé fíor go bhfuair tú roinnt mór óir ar mo chuid thalaimh agus níor thug tú fógra ar bith damh fa dtaob dó? Nach bfuil fhios agat an badh ceart duit mise a innse comh tuith agus fuair tú é?"
Ní radh fhios ag Shéamus bocht an rabh sé 'na shuidh na ina sheasamh agus dubhairt sé:-
"A dhuine uasail chan mise a fuair e ar chor ar bith acht mo mhac Domhnall annsin."
"Ní deanfaidh sin cúis" ars' an tighearna "talaimh gach rud atá faoi'n an talaimh is liomsa e, agus chaithfidh tú an t-ór a thabhairt damh anois agus badh comhair duit a bheith buidheacha i gceart cionnus nach bhfuil mé ag dhul a chur isteach is bpríoson tú."B'eigean dobhtha an t-oir a thabhart dó, agus tá se agus na saighdiura dubha leobhta é. Níl fhios againn cadé rinne an tighearna talaimh leis an óir sin na ca h-áith a bhfuil sé anois. Bhí giota amháin de i dtigh an tighearnana (?) suas go dtí an ama a d'fág na Stubahirt Chorain Binne, acht nil fhios ag daoine ar bith caidé tharlaigh de'n cuid eile dé.Daoine foglamhtha a chualaidh fa dtaob do an t-oir sin dubhairt siad go gcaithfidh se a bheith íontac sean ar fad ag is cosamhail go rabh se ins an cairn sin súl a dtáinic Naomh Pádruig go h-Eirinn.- Collector
- Éamonn Mac Dhúrnáín
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir