School: Trian Caol (roll number 10778)

Location:
Treankeel, Co. Donegal
Teacher:
Peadar Mac Gaoithín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1104, Page 174

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1104, Page 174

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Trian Caol
  2. XML Page 174
  3. XML “Scéal”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal.
    Chuaidh fear as an áit seo go America aon uair amháin Sal ma imthigh sé ni rabh sé abalta rud ar bith a léigheamh, ach nuair a tháinig sé arais chuir sé i gceill go rabh sé abalta léigheamh Cheannuigh sé paipear achan lá, agus d'innis sé do na daoine fa na rudai uathbhasach a chonnaic sé ins na paipear.
    Lá amháin nuair a bhí sé ag léigheamh an paipeair tháinig fear éile isteach. D'amharc sé ar an phaipear agus chonnaic sé pioctuir fhir. Thug sé fa dear go rabh sé bun os cionn. "Tá tú ag léigheamh an paipear sin bun os cionn" ars' an fear seo. "Tá fios agam" ars an fear a tháinig as America, "ach thig le duine ar bi[th] é a léigheamh an bealach éile."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Chuaidh Tómas Breathnach suas 'na portaigh lá amháin agus chróig sé an mhóin.

    Chuaidh Tómas Breathnach suas 'na phortaigh lá amháin agus chróig sé an mhóin. Chuir sé a theaghlach suas an lá thar na mharaach ag amharc ar na ba. Thug siad an t-asal leo agus thoisigh siad ag marcuidheacht fríd an mhónaidh. Ní rabh fhios ag Tómas caidé bhí da gcoinneal agus chuaidh sé suas. Bhí fearg air agus dubhairt sé go ndíolfadh sé an t-asal ar an aonach an lá thar na marach.
    Bhí Séumas Cinneidi na chómhnuidhe ar na Gleanntaí agus bhí asal aige fosta. An lá ceudna ríth a asal ar shiubhail agus dubhairt seisean nach mbéadh sé buadhartha leis agus go ndíolfadh sé é ar an aonach an lá thar na mharach. Tháinig sé agus chaith sé an oidhche i dtoigh Thomais. D'éirigh an bheirt acu ar maidin agus d'imthigh siad 'u[n]
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish