School: Trian Caol (roll number 10778)

Location:
Treankeel, Co. Donegal
Teacher:
Peadar Mac Gaoithín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1104, Page 255

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1104, Page 255

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Trian Caol
  2. XML Page 255
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal.
    I bhfád o shoin nuair a bhí mise mo spuraclach ag éirigh aníos ní rabh acht dhá spealadoir o'n Rannaidhe Mhór go dtéighthea fhad le droicheadh na Cuimirce. Ba iad sin Eoghan Fheargal agus Proinnseas Ua Midhe a bhí na gcómhnuidhe i Mín na Gualana. San Fhóghmhar chaiththea fanacht ar na spealadoraigh go dtigeadh do sheal. An uair sin ní thosuigheadh muid a choidhche ar an fhéar go dtéigheadh mí na Lughnasa amach agus annsin bhíodh driopeas an tsaoghail orainn ag feitheamh ar na spealadoraigh. Thoisigheadh siad ar an taoibh shiar de'n bhaile agus bheireadh siad an baile leobhtha aniar. Siocair mar bhí sinne ar an chionn i bfhos chaitheadh muist fanacht go mbíodh bunadhas an bhaile i dtoiseach orainn.
    D'oibriughadh daoine an uair sin ó dhubh go dubh a's bhéadh oiread deanta ag fear roimhe na bhricfeasta a's dheanfadh fear in obair lae uilig anois. Bhí biadh spesialta le fághail ag lucht ceirde agus ba é'n gnathas a ndinnear bruitin agus ime thabhairt de'n da spealadoir. Is maith is cuimhneach liom co cruaidh a's d'oibriughmuist mé fhéin a's Conndae 'sugainne le dhá spáid agus toghatoir ag achan spáid ag fiachailt iorad a bhainnt a's dheanfadh a ndinnear bruitin dobhtha. Ba iadsin na blianta indiaidh an droch shaoghail a's ní rabh againn ach blath poirin ar an iomaire. Coir bháis a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Anna Ní Ghaoithin
    Gender
    Female
    Address
    Bohergoy Lower, Co. Kildare
    Informant
    Seán Ua Gaoithin
    Gender
    Male
    Address
    An Mhín Mhór, Co. Donegal