Scoil: Gaduidhe Dubh (C.)
- Suíomh:
- Gaddyduff, Co. Donegal
- Múinteoir: Cáitlín Ní Mhiothagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaduidhe Dubh (C.)
- XML Leathanach 198
- XML “Crosóga Bhríde”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go gcuireann si beannacht ar na crasanna.An lá na dhiaidh sin bhéireann siad isteach iad agus cuireann siad suas iad ceann os' coinn gach fuinneoíge san teach agus ceann os coinn gach dórais. Annsin cuireann siad ceann amháin san bhoitheach agus san stabla agus ceann in gach toigh eile. Na rudai a bhí amuigh leo coinnigheann siad iad agus déireann siad go bhfuil léigheas ionnthá ar tinneas cinn.
Lá amháin bhí Bríghid amuigh ag suibhal. Chuaidh sí isteach sa teach agus bhí fear ann agus é ag fagháil bháis. Ní rabh crós ar bith san teach rinn Bríghid crás as feaga a bhí ag fás taobh amuigh de'n doras. Thug sí an crás dó in a láimh. Fuair an fhear bás annsin agus an crás in a láimh. Sin an fath go ndéantar crásanna ar an oidhche sin.
Kitty BrennanInformation given by
Mr H Brennan
Clonmany- Bailitheoir
- Kitty Brennan
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mr H. Brennan
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Clonmany, Co. Donegal