School: Crois Bhóthar
- Location:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Crois Bhóthar
- XML Page 0256
- XML “Bia na Seanaimsire”
- XML “Bia na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- San droch-aimsir 'séard a bhíodh ag na daoine le n-ithe ná neanntóga measgtha tré min buidhe. Bhíodh fataí lobhtha ag na daoine bochta. Bhí bainne caorach is bainne gabhair aca agus mhair an cuid is mó aca ar an mbainne sin.
Bhíodh bord i dteach amháin Oidhche Nodlag agus thagaidís go léir annsin agus bhíodh féasta mór aca.
Ní bhíodh aon fheoil aca, acht corr-uair nuair a marbhuightí coileach ag duine de na comarsan thugadh píosa de do chomharsanaibh eile.
Ní raibh aon ghréithre aca mar atá anois. Soitheach déanta d'ádhmad agus lámh ar a dhá thaobh de a bhí aca. "Noggin" a tugtaoi air.
M'athair - Seán Ó Tnúthail a d'innis na rudaí seo dom. - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Collector
- Séamus Phleamonn
- Gender
- Male
- Address
- Castlegrove West, Co. Galway