School: Crois-Bhóthar
- Location:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Crois-Bhóthar
- XML Page 0269
- XML “Pisreogaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Nuair do bhíodh na daoine ag déanamh maistr fadó, do bhíodh (is tá fós) ar gach duine a thagadh isteach lámh conganta a thabhairt
dóibh ar eagla nach mbéadh siad i ndon aon im a fhághail as. Bristí an "charm"" san mbealach sin agus ní bhíodh an cuairteoir indon an t-im a ghoid uatha.
2. Ar an gcéad Dia Luain de'n bhliadhain nua theigheadh na mná go dtí an baile mór leis na h-uibheachaí, agus do bhéarfadh siad an t-airgead ar fad, a gheobhfaidhe orra, abhaile leo, gan pinghin a chaitheamh as.
Má chaithfeadh duine airgead an lá sin do bhéadh sé gá chaitheamh ar feadh na bliadhna.
3. Salann a dóirtiú, sin comhartha an mí-adha, agus leis an dochar a bhaint as caith gráinín de treasna do ghualann chlé.(continues on next page)- Collector
- Seósamh Ó Flaitheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Tonlegee, Co. Galway