School: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (roll number 12138)
- Location:
- Brownsgrove, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó hAnnracháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí aithne agam ar fear d'ár bhainm dó Micil Feeney as Lios-a-bhaile trí míle ó Thuaim agus an chéad bhaile siar ó seo agus bé an spealadóir is féarr é ins an mbaile seo nuair a bhí sé beo. Acht tá sé caillte le fada 'n lá (beannacht Dé le na anam) acht nuair a bhí sé beo ní raibh fear ins an mbaile seo a bhí in-ann é a shárú ag baint féir.
Is maith is cuimhin liom ar an am a bhain sé sé acra i gcúig lá go leith. Ag obair le fear d'ár bhainm dó herd sasanach a raibh alán talmhan agus teach mór aige i n-Auglish fadó. Tugtar herds nó herds land ar an áit anois mar gheall ar an fear seo bheith ina chomhnuidhe ann fadó.
Ar aon nós thosuigh Micil ag baint an fhéir maidin Dia Luain agus bhí sé críochnuighthe aige nuair a bhíomar ag ithe ár ndinnéar Dia Sathairn. Bhí sé inann acra amháin a bhaint ins an ló ar a laighead. 'Sé an obair a bhíodh aige ins an Samhradh ná ag baint féir do na daoine mar ins an am sin ní raibh mórán innill bainte ins an gceanntar seo.- Collector
- Máire Nic Eathach
- Gender
- Female
- Address
- Beagh (Browne), Co. Galway
- Informant
- Séamus Ó Cinnéidí
- Gender
- Male
- Age
- 77
- Address
- Beagh (Browne), Co. Galway