School: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (roll number 12138)
- Location:
- Brownsgrove, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó hAnnracháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bliadhanta ó shoin do bhí bean agus a mac ina gcomhnuidhe i mbotháinín beag ar chuimhais phortaigh i Knockatee míle no mar sin ó Dhún-mhór. Nóirín Dall
a tugtaoi uirthi mar do bhí sí dall agus ní raibh sí in ann aon rud a fheiceál agus Micilín Ruadh a tugtaoi ar a mac mar bhí cloigeann ruadh air. Sinn féiner calma a bheadh Micilín Ruadh agus bhíodh sé go síorraidhe ag déanamh
luigheacháin ar na blac-an-tans a bheith ag teacht isteach san mbaile ar thóir Mhicilín Ruaidhe chun é a lámhadh.
Bhíodh Nóirín Dall ciaptha cráidhte leis na blac-an-tans ag buaileadh
isteach chuici, ag cur a traicín beag trí-na- chéile agus ag cur ceisteanna uirthi i dtaobh Micilín "An raibh sé sa mbaile aréir?" "Ca bhfuil sé anois?" agus mar sin de. Ní raibh fhios ag éinne cá mbíodh Micilín i bhfolach. Bhí sé ráidhte go raibh uachais aige i gcoill Mhic Aodha i Sliabh baile ar an taobh thuaidh de Knockatee acht bíodh nó ná bíodh is cinnte go bhfuair sé fásgadh ó na blac-an-tans i dtíghthe áirithe fe'n dtuaith go minic.
Oidhche amháin nuair do bhí Micilín Ruadh sa mbaile do chuala sé torann an ghluaisteáin mhóir a bhíodh ag na blac-an-tans ag fágadh Dún Mór. D'imthigh é féin agus Nóirín Dall amach an doras iadhta go(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Eathach
- Gender
- Female
- Address
- Beagh (Browne), Co. Galway
- Informant
- Máire Healy
- Gender
- Female
- Age
- 72
- Address
- Aghlisk, Co. Galway