School: Cill Chiaráin
- Location:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chiaráin
- XML Page 065
- XML “Gobán Saor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an chúirt, an raibh an chúirt réidh, agus dubhairt an Gobán go raibh acht gur theastuigh aon órnais amháin uaidh.
D'fhiafruigh an fear cé'n sórt órnais, agus dubhairt an Gobán gurbh mála órnais a mbeadh cor in agaidh an choir, agus cám in agaidh an cháim, agus go raibh sé aige fhéin sa mbaile, agus dubhairt sé go gcuirfheadh sé a mhach ghá iarraidh.
Dubhairt an fear a mba leis an chúirt go gcuirfheadh sé a mhach fhéin is go ndéanfhadh sé.
Chuaidh sé go teach an Ghobáin agus dubhairt an bhean a bhí sa teach go raibh sé i gcomhartha a bhí sa gcúinne, agus nuair a fuair sí ag breathnughadh isteach san gcomhartha é bhrugh sí isteach é agus chuir sí glas ar an gcomhartha.
Nuair a chonnaich fear na cúirte nach raibh a mhach ag teacht chuir sé an dá mach eile i ndiaidh a chéile ag iarraidh an órnais agus rinne sí an cleas céadhna leo is rinne sí leis a gcéad mhach, agus nuair a chonnaic an fear a mba(continues on next page)- Collector
- Máire Bhreathnach
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Coill Sáile, Co. Galway