School: Magh Cuilinn

Location:
Maigh Cuilinn, Co. Galway
Teacher:
Donncha Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 160

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 160

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Magh Cuilinn
  2. XML Page 160
  3. XML “Clampar nó Troid idir na Loingsigh agus na Flaitbheartaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag bualadh báire. Ní rabhadar i bhfad ag báireóireacht go bhfuair an Loingseach an ceann is fearr orra agus tháinic éad ar chlann an bhanaltra agus mhasluigheadar an Loingseach agus dubhradar nárbh’é a ndearbhrathair féin chor ar bith.
    Suas go dtí seo, shíl an Loingseach óg gurbh í a mháthair an bhanaltra. Nuair a chuala sé an scéal seo rith sé abhaile ag a mháthair, mar shíl sé, agus dubhairt sé a theacht siar i seomra. Fuair sé “pistoll” a bhí aige, agus mhionnaigh sé nach bhfagadh sí seo go n-innseóchadh sí dhó an raibh a clann ag innsint na firinne dhó. Dubhairt sí go raibh, agus d’innis sí an scéal ó thús go deire.
    Iar gclois an scéal dó, rith sé go bruach an locha, fuair sé bád agus níor stop sé go dtáinic sé go Caisleán Mhághcuilinn, agus chuir sé tuairisg muinntir Fhlaithbheartaigh agus dubhradh leis go raibheadar ag baint arbhair i bpáirc an Rinín. Chuaidh sé chomh fada leo. Bhíodar in a suidhe síos ag ithe a ndinnéar. Sul má tháinic sé baileach chomh fada leo, d’aithnigh an sean-Fhlaithbheartaigh é as na Loingsigh.
    Chuir sé fáilte roimhe is dubhairt leis .... .... agus .. beadh leis an scein a mhairbh a athair, agus a mharbóchas é fhéin nuair a bheadh sé réidh. Thóg sé an .... ó’n sean-Fhlaithbheartach agus shaith sé ar áit na mbonn é. Rith sé le n-a anam síos an bóithrín, agus do réir mar bhí siad ag teacht suas leis, d’iompuigheadh sé síor ag shaitheadh sé iad. Rinne sé mar sin go raibheadar go léir sáidhte aige. Marbhuigheadh an duine deire aca ar aghaidh na cloiche móire seo. Sin an fáth a dtugtar Cloch na Fola, freisin Bóthar na Fola ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Ó Síothcháin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir