School: Magh Cuilinn
- Location:
- Maigh Cuilinn, Co. Galway
- Teacher: Donncha Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Magh Cuilinn
- XML Page 189
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dul í dtosach maidin an phósta.
Tá pisreoga eile freisin go gcaithfidh an bhean atá le pósadh, rud nua, sean rud, agus rud ar íasacht, do caitheamh an maidin sin.
Tar-éis an pósadh teigheann an lánamha agus gach duine eile a bhíonns ag an Seipeal abhaile go dtí teach an fhir, agus bíonn bricféasta mór acú.
Bíonn na comhuirsain go leir cruinnighthe isteach freisin agus íad ag damhsa agus gabhail amháin. Bíonn na sean daoine ag suidhe cois na teineadh, cuid acú ag ól uisge 0 beatha, agus an cuid eile ag innseacht sgealtá.
Ins an oidhche bíonn bainfheis acú agus teigheann cuid de na daoine amach ins an sgioból ag damhsa. Bionn togha gach biadh agus togha dithe ann, agus bíonn cuid de na daoine súgach leis an méid uisge-beatha a bhíonns ólta acú.
Ní thagann an cailín atá pósta abhaile go dtí teach a h-athair go ceann míosa, agus nuair a thagann sí annsin, bíonn oidhche mór eile acú. Tugtar an cuairt míosa ar an gcuairt sin, agus fanann sí ar feadh seachtmhain í dteach a h-athar an uair sin.
Fadó is ins an trathnóna a póstaoí daoine, agus bhíodh go leor cárr-cliathánacha acú(continues on next page)- Collector
- Muircheartach Ó Dabhorain
- Gender
- Male
- Address
- Ballynahallia, Co. Galway
- Informant
- Muirceartach Ó Dabhorain
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Ballynahallia, Co. Galway