Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- Pollagh, Co. Galway
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na h-aíte bacad leis na buidealaibh seo cor ar bith.Le breacadh lae seinneadh an piobaire "Fiadhach an tSionnaigh." I lár na h-oidhche cloisfeá "Gol na mban san Ár" nu "Cath Eacdroma" ag an bPiobaire.Ní fhaca mé "buacaillí Tuighe" ag bainfeis aríamh, acht is iomda "Duine gan cuire" a chonnaic mé ag bainfeis. Thainic beirt oidhche ag bainfeis gan iarraid gan cuire. Fuair siad neart le n-ithe agus le n-ól. D'arduigh duine aca a ghloine phoitin, agus labhaiar sé leis an bhfear eile.
"Bheirim do shlainte, a ghiolla gan cuire".
D'arduigh an tarna fear a ghloine féin agus dubhairt sé
"Bheirim do shlainte a ghiolla mar mise."Ní fhaca mé nios mó ná an t-aon gloine amháin i n-úsaid ag daonaibh ag roinnt poitín ag bainfeis. D'fhiafruigh mé de sheanfhear an fáth a bhí leis seo agus sé an freagra a thug sé dhom go mbiodh go leor gloine i n-usaid sa bhfior shean saoghal ag na hEireannaigh acht gur eirigh sé de nós gan acht aon ghloine amhain a bheith ag roinnt an dighe le linn réim na Sasanach, agus go gcaitfeadh an roinnteóir an cheud ghloine d'ol i gcomhnaidhe as an gcruisgín le theasbáint don comhluadar nach raibh nimh nu dochair ar bith san ól.Mara racadh bluire beag ime go tóin an ghloine (i ngloine poitin) bin comharta nach raibh sé laidir.(leanann ar an chéad leathanach eile)