Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- Pollagh, Co. Galway
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tamall in a dhiaidh an gortuigh an fear bocht é fein lá a raibh sé ag baint mona le bínn an tsleaghain. Beígean do ordog a choise deise a bhant de féin. Chuir sé i mboisgin é sa talamh.Tamall in a dhiaidh sin bí sé i nGaillimh agus chas sé isteach sa siopa ceudna gur chaill sé an £5 ann roimhe sin. Labhair sé leis an siopadoir mar seo."Cé mheid airgid a bheas ag teasdail uait ar an meid tobac a racas ó mo smig go dtí n'ordog mo choise deise."D'fheach an fear air agus dubhairt sé "punt"."Tá sin iomarcach" ars an fear bocht acht biodh sé 'na mhargadh(?) an siopadoir an fhaid idir smig an fhir bhoicht agus barraibin a bróige deise agus thairg sé dó é."Níl mo shaith agam sa meid seo" ars an fear bocht mar tá mo ordog dheis curtha agam i mboiscín thiar i Muicíneach idir Dá Shaile i gConamara.Bhí fearg ar an siopadóir acht beigean do £100 a thabhairt don bhfear bocht leis an margadh a comhlionadh.(Tá an sceul seo coitchian go leor sa gceanntar seo)