School: Caisleán Gearr

Location:
An Caisleán Gearr, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Maolmhuidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 036

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 036

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleán Gearr
  2. XML Page 036
  3. XML “Aonaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tuairm's caogadh bliain ó shoin is i gCnoc a' Diolán dhá mhíle ó' n sgoil seo agus i n-aice cathair na Gaillimhe a bhíodh an t-aonac ba ghoire dhúinn. Faithche imeartha do mhuintir na Gaillimhe atá san áit anois agus ní bhíonn aon aonach ann. Sa bhFaithche Mhóir a bhíos na h-aonaigh anois.
    Maidin an aonaigh bhíodh fear i n-a sheasamh ar an mbóthar ag leacht a' Bhearna sa bparráiste seo agus chaithfeadh gach duine go raibh stoc aige pighinn nó dhá phighinn a íoc leis sul a leigtí isteach go dtí an t-aonach é. Thugadh sé an t-airgead sin do Chomhairl na Cathrach chun sráideanna na cathrach thart ar Chnoc a' Diolán a ghlanadh.
    Cuireadh deire leis an aonach seo mar gheall ar dhá rud. Bhí an pháirc sin an-íseal fliuch agus bhíodh daoine agus stoc ag dul i n-abar ann dá mbeadh an ainsear go dona.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Breathnach
    Gender
    Female
    Address
    An Caisleán Gearr, Co. Galway
    Informant
    Hanraoi Ó Griallghais
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    An Caisleán Gearr, Co. Galway