School: Caisleán Gearr

Location:
An Caisleán Gearr, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Maolmhuidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 037

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 037

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleán Gearr
  2. XML Page 037
  3. XML “Aonaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Rud eile ba mhaith le siopadóirí na cathrach na h-aonaigh a bheith istigh i lár na cathrach aca mar bhí a fhios aca go gcaithfeadh muintir na tuatha roinnt dá gcuid airgid annsin sul a rachadh siad abhaile.
    San am sin bhíodh aonach an-mhór amháin ann agus sheasfadh sé trí lá, i mí Meadhon Foghmair ar an gcéad, an dara agus an tríomhadh lá de'n mí. Aonach Cnoc an Diolán a tugadh ar an aonach seo. Capaill a bhíodh ann an chéad lá, muca an dara lá, caoraigh agus beithidhigh an tríomhadh lá. D'fhan an t'ainm céadna ar an aonach mór a bhíonns anois (ann) sa bhFhaithche Mhóir san mí céadna. Bíonn aonach mór eile anois ann i mBealtaine agus tugtar "Aonach na Faithche Móire" air.
    Théigheadh ceannuightheóirí ó thugh go thugh fa'n dtuaith ag ceannacht stuic agus déanann siad fós é freisin corr-uair.
    Nuair a bhíonns fear ag tabhairt an stuic atá díolta aige go dtí (an) stad na traenach lá
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Breathnach
    Gender
    Female
    Address
    An Caisleán Gearr, Co. Galway
    Informant
    Hanraoi Ó Griallghais
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    An Caisleán Gearr, Co. Galway