School: Caisleán Gearr
- Location:
- An Caisleán Gearr, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Maolmhuidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)na n-éadain le comhartha na croise a ghearradh ortha féin.
Cuirid a lámha le n-a n-éadain freisin le na síule a chosaint ar gaethe na gréine ar an gcathair.Poll a' Mhuirnín - Tá abha ag snuighe amach as Abha na Gaillimhe go dtí lár an pharráiste seo. Téigheann sí faoi talamh tré'n aol-chloich ag áit i tugtar Poll a' Mhuirnín uirthi.
Théigheadh mná an Caisleán Ghearr go dtí an poll seo ag sliseáil éadaigh mar uisge an-ghlan a bhí ann. Bheireadh bean amháin maicín óg léi i gcomhnuidhe. Lá amháin nuair a bhí an páiste ag sugradh ar an mbruach thuit sé isteach san uisge agus scuabadh amach leis an sruth é go dtí lár an phuill. Nuair a chonnaic an mháthair é ní raibh sí i n-ann é a shábháil agus sgread sí "A mhuirnín, a mhuirnín, tá tú bháidte." Bathadh é agus tugadh Poll a' Mhuirnín air ó shoin i leith. Tuairim's naocha bliain ó shoin a báthadh é.
Chaith inneallthóirí ó Ghaillimh lán mála de lóchán isteach sa bpoll agus fritheadh an lóchán aris i n-Urán Mór timcheall is sé(continues on next page)- Collector
- Nóra Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Caisleán Gearr, Co. Galway