School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Leanbh scoile a scríbh an scéal so dom. Fuair sé an scéal ó Ghobnait Ní Ghuitín , an Bloscaod Mór. Tá Gobnait timcheall deich mbliana is dachad , agus chuala sí an scéal ó na hathair ar an Gorta Dhúbha i mBaile ‘n Fhirtéaraig.Bí Piaras Firtéar na chómhnuidhe i nDún-na-bhFirtéarach i dteannta a athar is a mháthar. Saghas oileán ab eadh an áit a chómhnuigheadar agus ar chómhlaí a théighdís amach chuige.
Bhí Piaras in aois a phósta go maith is ní raibh aon chuimhneamh ar phósadh aige. Aon lá amháin dubhairt a athair is a mhathair go mb’fhearr dó pósadh. Dúbhradar leis dul síos go dtí dún Daingin agus go b’ann a bhí an bhean a bhfearra do a phósadh. Dubhairt a athair leis go raibh dall ann agus síntiús éian a thabhairt do, agus go innseóchadh sé sin do má bhí aon loch tar an mnaoí óig.
Phreab Piaras anáirde ar a chapall agus ba gheárr gur shrois. Sé Dún Daingin . D’innis sé do mhuinntir an tíghe cad a thug é. Nuair a bhí Phiaras ag imtheacht abhaile thug sé síntiús do’n dall. Anns an dúbhairt an dall le Piaras
“Innis do Dhonnchadh an Dúna(continues on next page)- Informant
- Gobnait Ní Ghuithín
- Gender
- Female
- Age
- c. 50
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry