School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 277
- XML “An Turnae agus Capall”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Túrnaé agus an Capall.
Bhí fear bocht ann uair agus bhí an saoghal ag dul chun mí-áidh agus chun clampair do. Sa deire ghoid sé capall ó dhuine saidhbhir a bhí san áit. Chuir an fear saidhbhir na saighdiúirí ar a thóir, agus beireadh air, agus caitheadh isteach i bpríosún é. Daoradh chun a chrochta é.
Bhí túrnaé ag dul gach lá chun an phríosúin. Cheistig an turnaé an fear so aon lá amháin agus d'fiafhruig sé do cad a dhein sé as an slighe. D'eachtraig an fear bocht a scéal brónach saoghalta dó, agus d'innis sé do gur ghoid sé capall ó fhear saidhbhir, mar ná raibh faic aige féin. "O is truagh san" ars an túrnaé. "Ach feach an chéad uair eile a bheidh cúirt ort abair ó's cómhair na cúirte gur mise an fear gur cheannuighis an capall uaidh, agus tiocfhad-sa leat san méid sin."
"Ach cá bhfuil an capall anois ?" ars an túrnaé. "Tá sí i ngort leis an duine uasal" an freagra(continues on next page)- Informant
- Eibhlís Bean Uí Cheárna
- Gender
- Female
- Age
- 60