School: Mín (roll number 13938)

Location:
Tooreenmore, Co. Kerry
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0450, Page 050

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0450, Page 050

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín
  2. XML Page 050
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Níl aon tobar beannaithe i bparóiste Cnoic na gCaiseal ach in aice an tsráidbhaile tá tobar fíor-uisce...

    (III) Níl aon tobar beannuighte i bparóiste Cnoic na gCaiseal ach i n-aice an tsráid-bhaile tá tobar fior-uisge - Tobar na Tuinne ( Well of the Marsh ) in a ndeineadh leigheas miorbhailteach tá timcheall ceud blian ó shoin.
    Bhí bean in a comhnuighe tamall siar ó Oileán Ciarraighe. Ní raibh ach an t-aon leanbh amháin aice - garsún beag leiceach a bhí ag dul as ó lá go lá. Biodh sí ag impidhe ar Dhia de ló is d'oidhche gan an leanbh do thógaint uaithe ach in ionad aon biseach teacht air is amhlaidh a bhí sé ag dul i laige is in-olcas in-aghaidh an lae.
    Oidhche nuair a bhí an garsún bocht i riocht an bháis geall leis taisbeánadh do'n mháthair i mbriongloíd an tobar so - Tobar na Tuinne i gCnoc na gCaiseal agus dubhradh léi (mar a cheap sí) an leanbh d'folcadh sa tobar sin agus go leigheasfaí é.
    Lár na bhárach tug sí aghaidh ar Cnoc na gCaiseal. Thum sí an leanbh sa tobar agus leigheasadh é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Leath-slighe idir Cnoc na gCaiseal is Oileán Ciarraighe ar an dtaobh dheas don priomhbóthair tá portach mór - Portach a'tSioda, agus seo mar a fuair sé a ainm.

    Leath-slighe idir Cnoc na gCaiseal is Oileán Ciarraighe ar an dtaoibh dheas de'n priomh-bhóthar tá portach mór - Portach a' tSioda - agus seo mar a fuair sé a ainm:-
    Na ceudta blian ó shoin bhí tigin beag suarach sa phortach in aice an bóthair mhóir. Lá amháin idtosach Bealtaine bhuail mangaire isteach sa tigh seo agus mála mór lán de earraí sioda ann. Bhí bean an tighe istig in a h-aonar agus bhí an mangaire ag tatáint uirrí stocaí nó ciarsúir do cheannach uaidh. Bhí sé id' iarraidh í do pógadh annsan ach pé seans a fuair sí chuir sí smearóid dhearg sa mála igan fhios dó. Lá breágh gaothmhar a bhí ann agus nuair tháinig an mangaire amach bhí sé ag siubhal i gcoinnibh na gaoithe.
    Nior bhfada dó amuich go raibh an mála in a lasair agus is beag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Mac Curtáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir