School: Mín (roll number 13938)

Location:
Tooreenmore, Co. Kerry
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0450, Page 052

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0450, Page 052

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín
  2. XML Page 052
  3. XML “Sprideanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Chomnuigh Diarmuid O Suilleabhain i Logfuadra. Seachtain roimh Nodlaig bhí gnó le déanamh aige i Lios Tuathail - 15 míle nó mar sin ó bhaile. San uair is beag tígh sa duthaigh seo in a raibh clog nó uaireadóir.
    Nuair dúisigh Diarmuid an mhaidin sin ar ghlaodh an coiligh cheap sé go raibh breacadh an lae ann. D'eirigh is d'ollmhuigh sé é féin is an capall i gcóir an bhóthair. Oidhche bhreágh ghealaighe a bhí ann agus siúd chun síubhail le Diarmuid in a shuidhe go socair ar na trocaille. Ar theacht go droichead "Headley" dó thug sé fé ndeara bean ag siubhal ar an mbóthar roimis agus máilín beag in a láimh aice.
    Nuair a tháinig sé suas léi stop sé an capall agus d'iarr uirre teacht isteach chuige. Shuidh sí laistiar de sa trucaill gan a beal d'osgailt. Labhair Diarmuid leis an gcapall imteacht ach níor chorraigh sé.
    Thug Diaruid stiall de'n fuip dó agus stiall eile agus igcionn cúpla nóimeint nuair a bhog sé ba dóig le duine go raibh ualach da thonna dhá iarrach aige. Dubhradh Diarmuid gur bhain se uair a chloig do'n capall dul leath-mhíle eile de'n bóthar, agus go raibh an t-allus mar sobal geal air.
    Annsan de phreab an capall agus as go bráth leis ar chos áirde. D'fheuch Diarmuid siar le h-eagla go dtuitfeadh an bhean bocht as an trocaill ach ní raibh tásc ná tuairisg uirre.
    Dhein Diarmuid foghair na croise air féin is dubhairt paidir ar son anama na marbh mar chreid sé gur duine bocht ó'n saoghal eile a bhí ag deánamh a phurgdóireacta a thug sé marcuigheachta dó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Mac Curtáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir